Seachtain náisiúnta na hEolaíochta i mBaile Átha Luain

Cillian Butler ag baint taitnimh as imeachtaí na Seachtaine Eolaíochta as Gaeilge i mBaile Átha Luain mar chuid den Midlands Science Festival.
Bhí ceardlann faoin eolaíocht ag Midlands Science i mBaile Átha Luain an tseachtain seo chaite. I nGaeilge a bhí an cheardlann agus bhí grúpa mór páistí i láthair.Is í Seachtain náisiúnta na hEolaíochta í – 12 go 19 Samhain 2023. Seachtain í seo chun an eolaíocht a cheiliúradh agus i mbliana is é an téama an duine. Tá claochlú déanta ar chruthaitheacht an duine, ar fhiosracht agus ar choincheapa an chaoi a mairimid, an chaoi a n-idirghníomhaíonn muid lena chéile, agus an caidreamh atá againn lenár bplainéad. Mhúnlaigh forbairtí dochreidte ár dtuiscint orainn féin agus ar ár ndomhan. Uaireanta mothaíonn sé go bhfuil athruithe as ár smacht, ó éigeandáil timpeallachta go dtí go mbíonn an teicneolaíocht ag dul i ngleic leo. Cad atá amach romhainn, agus cén ról a bheidh ag an eolaíocht chuige seo? Conas a mhúnlóidh na gníomhartha a ghlacfaimid anois ár n-eispéireas daonna comhchoiteann san fhadtéarma? I ndomhan éiginnte, tá cinnteacht amháin ann ó thalmhaíocht go AI, nach é an chaoi a mairimid inniu ná an chaoi a mairimid amach anseo.
Rinne na páistí roinnt turgnaimh, seo ceann le triail a bhaint as.
Lampaí Laibhe – Tóg do lampa laibhe féin abhaile leat i ndiaidh na ceardlainne seo!
Am ag teastáil: 20 nóiméad.
Trealamh ag teastáil:
Próca gloine (le clúdach)
Uisce
Ola
Dathúchán bia
Treoracha:
Líon an próca gloine ¾ le huisce.
Cuir isteach 3-4 braoiníní dathúchán bia
Líon an chuid eile den phróca le hola
Cuir an clúdach ar an bpróca
Croith an lampa laibhe agus féach!
Conas a oibríonn sé?
Ar an gcéad dul síos fanann an ola ag barr an phróca toisc go bhfuil sé níos éadroime ná an t-uisce. Is féidir linn a rá freisin go bhfuil an t-uisce níos dlúithe ná an ola. Ní mheascann na leachtanna seo. Ní mhaith leis an ola an t-uisce. Níl na móilíní in ann meascadh lena chéile.
Dúirt Jackie Gorman “Bhí sé iontach an oiread sin páistí a fheiceáil ag glacadh páirte sa cheardlann seo. Is seachtain iontach í Seachtain na hEolaíochta agus is iontach an rud é páistí a fheiceáil ag déanamh gníomhaíochtaí trí Ghaeilge.”
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.midlandsscience.ie